Ní raibh ach teaghlach ná dhó a chónaí lán aimseartha sna tithe in Machaire Gathlán, théadh an chuid eile síos sa tsamhradh agus an t-eallach leo le seans a thabhairt don fhéar fás. Bhíodh an t-eallach ar an thalamh coitianta, curraíocht is mó a rinne na daoine agus d’fhágadh siad píosaí den talamh bán. Bhíodh fir thíos ag imirt gailf fosta agus d’fhaigheadh na gasúir 6d as friotháileamh. Bhí buachailleacht le déanamh ansin acu. Tá’n sean teach a bhí acu féin ina sheasamh go fóill ach tá sé ina bhallóga. | 00:09:07 | |